Seanfhocal 19 ABN

1 Is fearr an bochtán a mhaireann go fíréantaná an té atá saibhir ach claon ina shlite.

2 Ní maith í an díograis gan an machnamh;an té a bhrostaíonn a chéim, cailleann sé an tslí.

3 A bhaois féin a scriosann conách duine,ach is ar an Tiarna a thugann sé aghaidh a chaoraíochta.

4 Méadaíonn cairde le méadú maoine,ach tréigeann a aon chara an bochtán.

5 Ní rachaidh an finné bréige gan phionós,agus ní rachaidh fear na mbréag slán.

6 Bíonn a lán ar thóir fabhar ón bhfial;is cara ag gach aon duine an té a scaipeann bronntanais.

7 Bíonn fuath ag a dheartháireacha go léir don bhochtán,nach mó ná sin mar a theitheann a chairde uaidh....Bíonn focail de dhíth air, ach ní bhíonn siad ar láimh aige.

8 An té a aimsíonn an eagna, fónann sé dó féin;an té a dhéanann cúram den tuiscint, aimsíonn sé sonas.

9 Ní rachaidh an finné bréagach gan phionós,agus scriosfar an té a spalpann éitheach.

10 Ní cuí don amadán maireachtáil i sócamas,agus is lú ná sin is cuí do dhaor bheith i gceannas ar fhlatha.

11 Cuireann ciall srian le fearg duine,agus is glóir dó scaoileadh le coir.

12 Is geall le glam leoin fearg rí,ach le drúcht ar fhéar a ghnaoi.

13 Scriosann amadán mic a athair;is geall le sconna ar sileadh scabhlaeireacht mná.

14 Tagann teach agus maoin mar oidhreacht athar,ach tagann bean chiallmhar ó láimh an Tiarna.

15 Cuireann leisce duine i dtoirchim suain,ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin.

16 An té a choimeádann na haitheanta, coimeádann sé é fein;an té ar beag leis an briathar, gheobhaidh sé bás.

17 An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna,déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.

18 Cuir smacht ar do mhac fad a mhaireann an dóchas;ná cuir romhat é mhilleadh ar fad.

19 Díolfaidh fear an drochmhianaigh as;scaoil leis agus is measa ná sin [a bheidh an scéal agat].

20 Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc,le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach.

21 Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine,ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan.

22 Bíonn súil le dílseacht ó dhuine,agus is fearr bochtán ná bréagaire.

23 Seolann eagla Dé chun na beatha;an té a mbíonn sí aige,bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air.

24 Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias,ach ní bhacann le hé a bhreith chun a bhéil.

25 Buail an scigire, agus mar sin is mó a bheidh an t‑aineolaí san airdeall;ceartaigh fear na tuisceana agus beidh breis eolais aige.

26 An té a chuireann a athair as seilbh, agus a chuireann a mháthair chun siúil,is mac gan náire é agus ábhar masla.

27 Ná tabhair cluas do theagasc a thuilleadh, a mhic,más d'fhonn faillí a dhéanamh ina bhfuil le rá ag an eolas é.

28 Tugann an drochfhinné tarcaisne don cheart;alpann craos an urchóidigh an t‑olc.

29 Tá [an bata] ullamh do scigirí,agus léasadh do dhroim na n‑amadán.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31