Seanfhocal 13 ABN

1 Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar;ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú.

2 Caitheann an fear maith bia fónta, toradh briathra a bhéil;ach is ar an bhforéigean a chothaítear goile na bhfeallairí.

3 An té a chuireann faire ar a bhéal, cosnaíonn sé a bheo,ach an té a bhíonn béalscaoilteach, bíonn thiar air.

4 Bíonn an leisceoir ag tnúthán, ach ní bhíonn dada ina chomhair;ach bíonn an saothrach sáitheach.

5 Is fuath leis an bhfíréan an bhréag,ach bíonn an t‑urchóideach ag cúlchaint agus ag tarcaisniú.

6 Cosnaíonn an tsuáilce an fear dea-bheatha;milleann an urchóid an peacach.

7 Ligeann fear gan mhaoin air a bheith saibhir,agus ligeann fear eile lena lán maoine air a bheith dealbh.

8 Fuasclaíonn a mhaoin an saibhir,ach níl [sás a ghill] ag an daibhir.

9 [Lonraíonn] lóchrann an fhíréin,ach tagann múchadh ar lampa an urchóidigh.

10 Leanann aighneas stuacacht na n‑éaganta;ach is ag lucht leanta na comhairle atá an eagna.

11 Teipfidh an saibhreas éanuaire;ach beidh maoin ag an té a chnuasaíonn beagán ar bheagán.

12 Goilleann an dóchas a théann i bhfad ar an gcroí;ach an mhian a shásaítear, déanann crann na beatha di.

13 An té ar beag air an briathar, millfidh sé é féin;ach beidh luach a shaothair ag fear comhlíonta na n‑aitheanta.

14 Foinse beatha is ea teagasc an tsaoi,lena seachnaítear gaistí an bháis.

15 Tugtar gean don léirthuiscint,ach is guaisiúil í slí na bhfeallairí.

16 Ní dhéanann an duine críonna beart gan eolas,ach déanann an t‑amadán a bhaois a fhógairt os ard.

17 Tugann drochtheachtaire an tubaiste ar dhaoine,ach tugann teachtaire dílis íocshláinte.

18 Bochtaine agus tarcaisne atá i ndán don té a chuireann suas don smacht,ach onóir don té a ghlacann le ceartú.

19 Is milis leis an anam an mhian a chomhlíontar;ach is fuath le hamadáin droim a thabhairt leis an urchóid.

20 An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí;bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.

21 Bíonn an mí-ádh sa tóir ar an bpeacach,ach bíonn an rath mar luach saothair ag an bhfíréan.

22 Fágann an fear maith oidhreacht ag sliocht a shleachta;ach is ar mhaithe leis an bhfíréan a bhíonn maoin an pheacaigh á cnuasach.

23 Tagann bia go flúirseach ó ithir an bhoicht,ach scuabann an éagóir ar shiúl é.

24 An té a choigleann an tslat, fuathaíonn a mhac;an té a bhíonn fial ag ceartú, bíonn grá aige dó.

25 Caitheann an fíréan a sháith,ach bíonn goile an urchóidigh follamh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31