Seanfhocal 16 ABN

1 Déanann croí an duine an beartú;ach sé an Tiarna a thugann an freagra.

2 Bíonn iompar an duine gan cháim dar leis féin,ach is é an Tiarna a thomhaiseann an intinn.

3 Fág do shaothar go léir faoin Tiarna,agus cuirfear do phleananna go léir i gcrích.

4 Rinne an Tiarna gach ní le haghaidh cuspóra ar leith,agus an t‑urchóideach le haghaidh lá na tubaiste.

5 Is fuath leis an Tiarna an croí uaibhreach,bí deimhin de nach rachaidh sé gan phionós.

6 Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht;seachnaíonn fear an t‑olc le heagla an Tiarna.

7 Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna,déanann sé cairde fiú dá eascairde.

8 Is fearr an beagán agus an chóirná an mórán agus an éagóir.

9 Beartaíonn duine a chúrsa ina chroíach sé an Tiarna a threoraíonn a chéimeanna.

10 Tagann oracail ó bhéal an rí,ní dhéanann sé dearmad nuair a fhógraíonn a bhreith.

11 Is leis an Tiarna an mheá agus na scálaí cothroma;is é a rinne na meáchana uile sa mhála.

12 Is gráin le ríthe an t‑olc a dhéanamh,mar is í an fhíréantacht is bonn faoin ríchathaoir.

13 Bíonn fáilte ag an rí roimh bheola fíréanta;bíonn grá aige don té a labhraíonn go cóir.

14 Teachtaire báis fearg rí,ach déanfaidh an t‑eagnaí í a cheansú.

15 Bíonn an bheatha i ngile ghnúis an rí,agus is geall le scamaill bháistí an earraigh a ghnaoi.

16 Is fearr an eagna a aimsiú ná an t‑ór;tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.

17 Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc;an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.

18 Gabhann uabhar roimh thubaiste;agus éirí in airde roimh threascairt.

19 Is fearr a bheith umhal ó chroí i measc na n‑ísealná an chreach a roinnt leis na huaibhrigh.

20 Beidh an rath ar an té a thugann aird ar an mbriathar;is méanar don té a mbíonn a mhuinín aige as an Tiarna.

21 Tugtar fear na críonnachta ar an té atá eagnaí croí;cuireann milse briathar le meallacacht ráite.

22 Is foinse beatha an ghaois don té a bhfuil sí ina sheilbhach is í an bhaois crá na n‑amadán.

23 Múineann croí an eagnaí gliceas dá bhéal,agus cuireann sé le meallacacht a bhriathar.

24 Is cuma nó cior mheala briathra séimhe;is milis iad le blaiseadh agus is sláintiúil iad don chorp.

25 Tá cosán ann a shamhlaíonn ceart do dhuine,ach níl de chríoch leis ach an bás.

26 Bíonn goile an tsaothraí ag saothar dó,agus a chraos ocrach á ghriogadh.

27 Beartaíonn an t‑alfraits olc,agus is cuma nó tine loiscneach briathra a bhéil.

28 Síolann an cealgaire aighneas,agus deighleann an béadánaí dlúthchairde óna chéile.

29 Cuireann an foréigneach a chomharsa ar seachrán,agus meallann é ar bhóthar nach fónta.

30 Tá urchóid á taibhreamh d'fhear sméidte na súl,agus tá an t‑olc déanta ag an té a chuireann grabhas air féin.

31 Coróin ghlóire é an ceann liathagus beatha fhíréanta a thuilleann í.

32 Is fearr an duine stuama ná an gaiscíoch tréan;agus an té atá ina mháistir air féin ná an té a dhéanann cathair a ghabháil.

33 Ar an ucht a chaitear na cranna,ach ón Tiarna a thagann an réiteach.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31