Seanfhocal 12 ABN

1 An té a mbíonn cion aige ar an smacht, bíonn cion aige ar an eolas;an té ar fuath leis ceartú, is duine dúr é.

2 Bíonn gnaoi an Tiarna ar an duine cóir,ach daorann sé fear na ndrochbheart.

3 Ní dhaingníonn an urchóid aon duine,ach ní bhogfar fréamh an fhíréin go brách.

4 Coróin a fir bean mhaith,ach is fochall ina chnámha bean gan náire.

5 Is ionraic iad smaointe an fhíréin;ach is fealltach iad comhairlí na n‑urchóideach.

6 Is gaistí le fuil a dhoirteadh iad briathra an urchóidigh;ach fuasclaíonn béal an fhíréin daoine ó bhaol.

7 Leagtar ar lár na hurchóidigh, agus sin deireadh leo;ach seasóidh teach an fhíréin go daingean.

8 Moltar duine ar fheabhas a chéille;ach bíonn dímheas ar fhear an droch-chroí.

9 Is fearr fear gan ghradam [a dhéanann a ghnó féin],ná fear le héirí in airde a bhíonn gan arán.

10 Tugann an fíréan aire dá chuid stoic,ach is cruálach í trocaire an urchóidigh.

11 Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún;níl aon chiall ag an té a leanann beartais bhaotha.

12 Scriostar túr daingean na n‑urchóideach,ach maireann fréamha na bhfíréan go daingean.

13 Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t‑urchóideach sa ghaiste;ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.

14 Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é;filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin.

15 I súile an amadáin is ceart é a chosán;éisteann an t‑eagnaí le dea-chomhairle.

16 Ní dhéanann an t‑amadán aon mhoill ach a fhearg a thaispeáint;ach ní thógann an duine ciallmhar ceann d'achasán.

17 An té a labhraíonn an fhírinne, tugann sé fianaise chóir;níl san fhinné bréagach ach calaois.

18 Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra;ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.

19 Maireann beola fírinneacha go brách;ach is gairid é saol na teanga bréagaí.

20 Tá feall i gcroí lucht beartaithe oilc;ach tá lúcháir ag lucht síocháin a chur i gcrích.

21 Níl aon olc i ndán don fhíréan,ach bíonn trioblóidí sa mhullach ar na hurchóidigh.

22 Is fuath leis an Tiarna beola an éithigh;ach is gean leis lucht labhartha na fírinne.

23 Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach;ach fógraíonn croí na n‑amadán a mbaois.

24 Údarás is dual don láimh bhríomhar;ach saothar éigeantach is dual don leisciúil.

25 Cuireann an imní ualach ar chroí an duine;ach cuireann an dea-fhocal áthas air.

26 Tugann an fíréan cúl leis an urchóid;ach treoraíonn cosán na n‑urchóideach iadsan amú.

27 Ní bheidh aon ní don phota ag an bhfear díomhaoin;ach beidh saibhreas luachmhar ag an bhfear dícheallach.

28 Lonnaíonn an bheatha ar chosán na córa;ach treoraíonn slí na hearráide chun an bháis.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31