1 Teitheann an t‑urchóideach agus gan aon duine sa tóir air;tá an fíréan chomh cróga le leon.
2 Bíonn rialtóirí ina scuainí ag tír de bharr a pheacaí;ach is fada buan a mhairfidh sé má bhíonn rialtoirí tuisceanacha eagnaí aige.
3 An bochtán a luíonn ar na bochtáin,is geall le batharnach báistí é nach bhfágann ruainne le n‑ithe.
4 Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh;ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n‑aghaidh.
5 Ní thuigeann na hurchóidigh cad is cóir ann,ach tuigeann lucht eagla an Tiarna gach ní.
6 Is fearr fear bocht a shiúlann san fhíréantacht,ná fear saibhir na mbealaí claon.
7 Mac gaoismhear a choimeádann an dlí,ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair.
8 An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht,is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.
9 An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí,is gráiniúlacht fiú a urnaí.
10 An té a chuirfidh an fíréan ar seachrán ar bhealach an oilctitfidh sé isteach ina chuithe féin.Siad an mhuintir neamhchiontach oidhrí an tsonais.
11 Is críonna é an saibhir, dar leis féin,ach béarfaidh an bocht air má bhíonn tuiscint ann.
12 Nuair a bhíonn an lá leis na fíréin, is mór í an lúcháir;nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach.
13 Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta;ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.
14 Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí,ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air.
15 Is cuma nó leon cuthaigh, nó beithir ocrach,drochrialtóir ar phobal bocht.
16 An rialtóir gan stuaim, is fear leatroim é;an té ar fuath leis an tsaint, gnóthóidh sé fad saoil.
17 An té ar a bhfuil fuil duine eile,beidh sé ina theifeach go bás; ná tabhair cabhair dó.
18 Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt;ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu.
19 Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún,ach raidhse bochtaine ag an té a leanann beartais bhaotha.
20 Beidh beannachtaí go líonmhar ar an bhfear ionraic,ach an té a bheidh ag iarraidh éirí saibhir go tapa, ní rachaidh sé gan phionós.
21 Ní maith é leathchuma a dhéanamh ar aon duine;ach déanfaidh daoine éagóir ar son ghreim aráin.
22 An fear santach súil, téann sé sa tóir ar an saibhreas;ach ní eol dó cén ghannchúis a bhuailfidh é.
23 An té a cheartaíonn duine eilegheobhaidh sé níos mó fabhair ar deireadh ná fear an bhladair.
24 An té a chreachann a athair nó a mháthair agus a deir: “Ní aon éagóir é sin!”is comrádaí do bhithiúnach é.
25 Spreagann an santach achrainn;an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air.
26 An té a bhfuil a mhuinín aige as a smaointe féin, is amadán é;ach déanfar an té a shiúlann ar chosán na heagna a fhuascailt.
27 An té a thugann déirc don bhocht, ní bheidh easpa air choíche;ach an té a dhúnann a shúile ina choinne, luífidh mallacht ar mhallacht air.
28 Nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach,ach nuair a théann siad ar ceal, téann breis ar na fíréin.