Seanfhocal 10 ABN

Seanfhocail Sholaimh

1 Cuireann mac eagnaí gliondar ar a athair;ach cúis bhróin dá mháthair amadán mic.

2 Ní bhíonn an rath ar mhaoin mhíchnuasta;ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.

3 Ní fhágann an Tiarna an fíréan gan bhia,ach cuireann sé bac ar chraos an urchóidigh.

4 Leanann an bhochtaine an lámh gan fhuaimint,ach tuilleann an lámh fhuinniúil maoin.

5 Mac críonna a chnuasaíonn sa samhradh,ach cúis náire é an mac a chodlaíonn le linn an fhómhair.

6 Tá beannachtaí an Tiarna ar cheann an fhíréin,ach tá an foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh.

7 Beidh cuimhne ar an bhfíréan faoi bheannacht,ach lobhfaidh ainm an urchóidigh.

8 Géilleann croí an eagnaí do theagascach tá tubaiste i ndán don chabaire baoth.

9 An té a shiúlann ar chosán na firéantachta, ní baol do;ach an té leanann na casáin chama, béarfar air.

10 An té a luíonn súil, adhnann sé aighneas,[ach an té a cheartaíonn go dána, déanann sé síocháin].

11 Is fionse beatha é béal an fhíréin,ach bíonn foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh.

12 Gineann fuath achrann,ach cuireann an grá brat thar gach cóir.

13 Bíonn an eagna le fáil i mbéal an tuisceanaigh;ach an bata ar dhroim an duine éaganta.

14 Cuireann lucht na heagna an t‑eolas i dtaisce;ach leanann an tubaiste go dlúth ar an mbéal baoth.

15 A mhaoin is cathair dhaingean ag an duine saibhir;ach milleann a mbochtaine na bochtáin.

16 Tuilleann a thuarastal beatha don fhíréan;ní bhíonn ach [an bás] mar luach saothair ag an urchóideach.

17 An té a ghéilleann don smacht, tá sé ar chosán na beatha;ach an té a dhiúltaíonn don cheartú téann sé amú.

18 Cuireann béal [lucht na córa] gobán ar an bhfuath;is amadán é fear na tromaíochta.

19 Nuair is líonmhar iad na briathra, ní bhíonn an choir in easnamh;is críonna é an té ag a bhfuil srian ar a theanga.

20 Togha an airgid ghil í teanga an fhíréin;ní fiú tráithnín aigne an urchóidigh.

21 Beathaíonn béal an fhíréin mórán daoine,ach faigheann amadáin bás le díth céille.

22 Beannacht an Tiarna a bhronnann saibhreas,agus ní chuireann seisean dólás léi.

23 Is geal leis an amadán an t‑olc a dhéanamh;ach teacht ar an eagna is gean le fear na gaoise.

24 An rud is eagal leis an urchóideach,tiocfaidh sé sa mhullach air;ach faigheann an fíréan mian a chroí mar fháltas.

25 Tar éis na stoirme, bíonn deireadh leis an urchóideach;ach bíonn bonn faoin bhfíréan go brách.

26 Dála an fhínéagra leis na fiacla, nó an deataigh leis na súile,sin mar bhíonn ag an leadránaí leis an té a sheol é.

27 Tugann eagla an Tiarna fad saoil,ach déanfar blianta an urchóidigh a chiorrú.

28 Suáilceas ar fad é dóchas na bhfíréan,ach rachaidh meath ar dhóchas an urchóidigh.

29 Dún daingean é an Tiarna d'fhear na beatha fíréanta,níl ann ach scrios do lucht an oilc a dhéanamh.

30 Ní chuirfear an fíréan go deo as a láthair,ach ní bheidh áit lonnaithe go brách ag an urchóideach.

31 As béal an fhíréin tagann eagna,ach gearrfar teanga na calaoise ar shiúl.

32 Tá an chneastacht ar sileadh le beola an fhíréin,ach calaois le beola an urchóidigh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31