Seanfhocal 22 ABN

1 Tá dea-cháil le roghnú thar bhreis maoine,agus is fearr dea-mheas ort ná airgead nó ór.

2 Casann an saibhir ar an daibhir;sé an Tiarna a rinne iad go léir.

3 Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh;téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.

4 Sé luach saothair na humhlaíochta agus eagla an Tiarnaná saibhreas, onóir agus fad saoil.

5 Tá dealga agus gaistí ar chosán an urchóidigh;an té a thugann aire do féin, déanfaidh sé é féin a sheachaint orthu.

6 Déan an leanbh a oiliúint sa bhealach is dual dó;agus nuair a rachaidh sé in aois ní thréigfidh sé é.

7 Bíonn an toiceach ag mursanacht ar an mbochtán,agus bíonn fear na hiasachta faoi bhois an té a thug rud dó.

8 An té a shíolann an éagóir, beidh fómhar na tubaiste aige;air féin a [thitfidh] bata a chuthaigh.

9 Tá beannacht i ndán don duine cineálta,mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.

10 Tabhair bata is bóthar don scigire agus baileoidh an t‑aighneas leis,agus beidh deireadh le hachrann is le hachasán.

11 Tá cion ag [an Tiarna] ar an gcroí glan,agus is cara don rí fear na cainte caoine.

12 Déanann súile an Tiarna an t‑eolas a fhaire,ach leagann sé ar lár briathra na mbréagairí.

13 “Tá leon lasmuigh,” a deir an leisceoir!“Marófar sa tsráid mé!”

14 Cuithe domhain béal mná deoranta;an té a bhfuil an Tiarna i bhfearg leis, titfidh sé inti.

15 Tá an bhaois ginte i gcroí an linbh;ach déanfaidh slat an smachtaithe í a dhíbirt i gcéin as.

16 Luigh ar an mbochtán agus bronnfar maoin air;tabhair rud don saibhir agus déanfaidh tú é a chreachadh.

Ráitis na Saoithe

17 Ráitis na saoithe:Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe,agus crom ar a bhfoghlaim.

18 Beidh sé ina shólás agat iad a choimeád i do chroí,agus iad go léir a bheith mar phionna ar do bheola.

19 Tá [do chosán] á thaispeáint agam duit inniule go mbeadh do mhuinín agat as an Tiarna.

20 Nach bhfuil [deich gcaibidil fichead] de chomhairlí agusde ghaois scríofa agam duit,

21 Le go mbeifeá in ann an fhírinne a léiriú,agus lucht do cheistithe a fhreagairt le briathra stuama?

22 Ná creach an bochtán mar gur bochtán é,agus ná ciap aon duine atá á bhuaireamh i ngeata na cathrach;

23 Óir déanfaidh an Tiarna a gcúis a agairt,agus ídeoidh sé lucht a n‑ídithe.

24 Ná déan muintearas leis an té atá tugtha don fhearg,agus ná bíodh caidreamh agat ar fhear drochmhianaigh,

25 Le heagla go bhfoghlaimeofá a bhealaí,agus go mbéarfaí ort i ngaiste.

26 Ná bí ar dhuine díobh siúd a thugann gill,agus a théann in urrús le fiacha.

27 Mura mbíonn sás d'fhuascailte agat,tógfaidh siad an leaba a bheidh fút.

28 Ná haistrigh cloch ársa theorann,a leag do shinsir ina leaba.

29 An bhfeiceann tú duine atá oilte ar a ghnó?déanfaidh sé freastal ar ríthe;ní do shuaracháin a bheidh sé ag fónamh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31