Seanfhocal 29 ABN

1 An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál,bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.

2 Nuair a bhíonn na fíréin i gceannas, bíonn lúcháir ar an bpobal;nuair a bhíonn na hurchóidigh i gcumhacht, bíonn an pobal ag osnaíl.

3 An té a thugann grá don eagna, cuireann sé áthas ar a athair;ach an té a thaithíonn striapacha, scaipeann sé a chuid.

4 Daingníonn rí a thír lena cheartas,ach milleann an feallaire é.

5 An té a thugann bladar dá chomharsa,leathann sé líon faoina chosa.

6 Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh,ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.

7 Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht,ní chuireann a leithéid d'eolas as don urchóideach.

8 Déanann scigirí cíor thuathail de chathracha,ach cuireann saoithe srian le fearg.

9 Téadh saoi chun argóna le daoi,ach cibé acu i bhfearg nó i ngáire é, ní éireoidh leis.

10 Is fuath le lucht fola an fear gan cháim,ach [is mór le] daoine ionraice a bheo.

11 Scaoileann an t‑amadán lena racht feirge,ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air.

12 Má éisteann rialtóir le héitheach,beidh a fheidhmeannaigh uile ina ropairí.

13 Castar an bochtán agus an t‑úsaire ar a chéile;cuireann an Tiarna léas ina súile araon.

14 Má thugann rí breith ar na boicht le cothromas,bunófar a ríchathaoir go brách.

15 Bronnann an bata agus an ceartú gaois,ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair.

16 Nuair a bhíonn na hurchóidigh [i gcumhacht], leathnaíonn an peaca;ach feicfidh na fíréin ar lár iad.

17 Smachtaigh do mhac, agus tabharfaidh sé suaimhneas aigne duit;cuirfidh sé áthas ar do chroí.

18 San áit nach mbíonn fís, caitheann an pobal díobh gach srian;ach is beannaithe an té a choimeádann an dlí.

19 Ní le briathra amháin a cheartaítear an daor;fiú má thuigeann sé iad, ní thabharfaidh sé aird orthu.

20 An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach?tá níos mó dóchais ann d'amadán ná dósan.

21 An té a bhíonn ag tláithínteacht le daor óna oige,eisean a bheidh [mar oidhre] air faoi dheireadh.

22 Adhnann an fear drochmhianaigh achrann,agus is cúis mhór peaca fear na feirge.

23 Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt,ach bainfidh an t‑uiríseal ó chroí onóir amach.

24 Tá fuath ag comrádaí an ghadaí dá bheo féin;cluineann sé an mhallacht ach ní sceitheann.

25 Is gaiste é eagla roimh dhaoine,ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna.

26 Is iomaí duine a bhíonn ag lútáil le rialtóir,ach is ón Tiarna a fhaigheann gach duine a cheart.

27 Is fuath leis an bhfíréan an coirpeach;agus is fuath leis an urchóideach an té is díreach slí.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31