Seanfhocal 30 ABN

Aguisín

Briathra Ágúr

1 Briathra Ágúr mac Iácaé ó Mhasá. Oracal an fhir seo do Ítíéil, [d'Ítíéil agus d'Ucál]:

2 Táimse, ní foláir, ródhúr le bheith daonnaníl tuiscint duine agam.

3 Níor foghlaim mé eagna,ná ní bhfuair mé aithne ar an Aon Naofa.

4 Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís?Cé a cheap na gaoithe ina mháma?Cé a ghabh na huiscí ina bhrat?Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne?Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac?Ar ndóigh is eol duit!

5 Gach briathar a labhraíonn Dia, seasann sé trial na fírinne;is sciath é do gach duine a théann ar a choimirce.

6 Ná cuir lena bhriathra,ar eagla go lochtódh sé thú agus go dtaispeánfadh sé gur bréagadóir thú.

7 Dhá ní a iarraim ort,ná ceil orm iad sula bhfaighe mé bás:

8 Coinnigh i bhfad uaim an t‑éitheach agus an bhréag;ná tabhair dom saibhreas ná daibhreas,ach cothaigh mé leis an mbia is cuí dom,

9 Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú,agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?”Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid,agus go maslóinn ainm mo Dhé.

10 Ná déan daor a ghearán lena mháistir,le heagla go gcuirfeadh sé mallacht ort agus go mbeadh thiar ort dá bharr.

11 Tá pór ann a chuireann mallacht ar a n‑athair,agus nach gcuireann beannacht ar a máthair.

12 Agus pór atá glan, dar leo féin,ach nár níodh fós as a mbrocamas.

13 Tá pór na súl uaibhreach ann,le mór níos fiú i ngach tógáil súile.

14 Tá pór ann le claímhte mar fhiacla,agus sceana mar ghialla acu,Leis na boicht a alpadh agus a scrios de chlár na cruinne;agus lucht na gannchúise a shlogadh agus a scuabadh ó chomhluadar daoine.

Nathanna Uimhreacha

15 Tá beirt iníon ag an lia,“Tabhair, tabhair,” a ghlaonn siad.Tá trí nithe nach féidir a shasamh,agus ceithre cinn nach ndeir riamh: “Is leor sin”:

16 Seól, an bhroinn aimrid,an talamh nach féidir a sháitheadh le huisce,agus an tine nach ndeir riamh: “Is leor sin.”

17 An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair,agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois],piocfaidh fiacha an mhachaire amach í,agus alpfaidh na badhbha í.

18 Tá trí nithe a théann díom a thuiscint,agus ceithre cinn nach mbainim ciall astu:

19 Bealach iolair sa spéir,bealach nathrach ar an gcarraig,bealach loinge i lár na mara,agus bealach fir le maighdean.

20 Seo é bealach an adhaltraigh mná:itheann sí bia agus glanann a béalagus deir: “Ní dhearna mé aon ní as an tslí.”

21 Baineann trí nithe crith as an talamh,agus tá ceithre cinn nach féidir leis cur suas leo:

22 Daor nuair is rí,daoi nuair is sáitheach,

23 Bean thréigthe, nuair a phósann,agus daoirseach nuair a thógann [sí áit] a máistreása.

24 Tá ceithre nithe ar an talamh atá bídeach,ach is acu atá togha na gaoise:

25 Na seangáin, treibh gan neart iad,ach sa samhradh déanann siad deimhin dá soláthar:

26 Na coiníní carraige, treibh gan chosaint iad,ach cuireann siad fúthu sna carraigeacha.

27 Na lócaistí, níl rí orthu,ach máirseálann siad go léir faoi dhea-eagar.

28 An t‑earc luachra, d'fhéadfá greim a fháil air i do láimh,ach gnáthaíonn sé páláis ríthe.

29 Tá trí nithe ann le céim mhaorga,agus ceithre cinn go deimhin le hiompar stáidiúil:

30 An leon, an gaiscíoch ar na hainmhithe,nach dtugann cúl le haon ní;

31 An coileach ag starrfach i measc na gcearc,an pocán, taoiseach an tréada,agus an rí [ag aitheasc] a phobail.

32 Má bhí sé de bhaois ionat dul le mire,agus go bhfuil aiféala anois ort,buail bos ar do bhéal;

33 Óir déantar cuigeann le maistriú,tagann fuil as an tsrón nuair a bhrúitear í,agus tagann aighneas as an bhfearg nuair a adhntar í.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31