Seanfhocal 20 ABN

1 Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua;níl aon chiall ag an té a mheallann sé.

2 Is geall le glam leoin fearg rí,agus an té a ghriogann chun cuthaigh é, milleann sé a bheatha féin.

3 Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint,ach beidh gach amadán ag achrann.

4 Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir;beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó.

5 Is cuma nó uisce domhain a mbíonn ar aigne ag duine ina chroí istigh;níl ag an duine tuisceanach ach é a tharraingt amach.

6 Is iomaí duine a deir go bhfuil sé féin dílis,ach cé a aimseoidh fear inmhuiníne?

7 An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim,is méanar dá chlann ina dhiaidh.

8 An rí a shuíonn ina shuí breithimh,scagann sé gach olc lena shúile.

9 Cé ar féidir leis a rá: “Ghlan mé mo chroí,táim saor ó mo pheaca?”

10 Meáchan anseo, a mhalairt ansiúd; tomhas anseo tomhas eile thall;is gráin leis an Tiarna iadsan araon.

11 Taispeánann an leanbh dúinn fiú agus é ag súgradh,an olc nó an maith a bheidh a bhearta.

12 An tsúil a fheiceann agus an chluas a chluineann,is é an Tiarna a rinne iad araon.

13 Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile;bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat.

14 “Níl aon mhaith ann, níl sin,” a deir an ceannaíach imíonn sé leis agus é ag maíomh as féin.

15 Tá an t‑ór ann, agus raidhse cloch lómhar,ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.

16 Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir;bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.

17 Faigheann duine blas milis ar an mbia a fuarthas trí chalaois,ach is geall le grean ina bhéal é ina dhiaidh sin.

18 Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile;agus fear cath le treoir chiallmhar.

19 Déanann an cardálaí rúin a nochtadh;ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte.

20 Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair,múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.

21 An oidhreacht a fuarthas de gheit ar dtús,ní bheidh beannacht uirthi faoi dheireadh.

22 Ná habair: “Déanfaidh mé an t‑olc a chúiteamh”;ach bíodh do dhóchas as an Tiarna agus tiocfaidh sé i gcabhair ort.

23 Is fuath leis an Tiarna malairtí meáchan;ní maith iad na meánna fealltacha.

24 Treoraíonn an Tiarna céimeanna an duine;conas más ea is féidir dó a bhealach a thuiscint?

25 Is gaiste roimh dhuine a rá de phreib: “Tá sé tíolactha,”agus gan machnamh a dhéanamh ach tar éis a mhóide.

26 Déanann an rí cliste na hurchóidigh a cháitheadh,agus tiomáineann an roth tharstu.

27 Sé spiorad an duine lampa an Tiarna,ag spiúnadh doimhneas a chroí.

28 Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint,agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach.

29 A neart féin glóir na n‑ógánach,ach an ceann liath maise na seanóirí.

30 Is maith an leigheas ar an olc buillí créachtaithe;agus glanann buillí an t‑ionathar.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31