14 Bíonn an croí gan stuaim sásta lena imeachtaí féin,agus an fear cóir le fómhar a bheart.
15 Géilleann an duine saonta do gach scéal,ach ní thugann an duine críonna léim an daill.
16 Bíonn fear na céille gaoismhearach bíonn an t‑amadán gan smacht gan aire.
17 Déanann an duine teasaí bearta baotha,ach bíonn foighne ag fear na tuisceana.
18 Bíonn seilbh ag na hamadáin ar an mbaois,ach bíonn eolas mar choróin ag lucht na gaoise.
19 Cromann an t‑olc roimh an mhaith,agus déanann an t‑urchóideach amhlaidh ag geataí na bhfíréan.
20 Is fuath fiú lena chomharsa féin an bochtán;ach bíonn fuílleach cairde ag an saibhir.