19 Cromann an t‑olc roimh an mhaith,agus déanann an t‑urchóideach amhlaidh ag geataí na bhfíréan.
20 Is fuath fiú lena chomharsa féin an bochtán;ach bíonn fuílleach cairde ag an saibhir.
21 Peacach an té ar beag leis a chomharsa;ach is méanar don té ar trua leis an bochtán.
22 Nach bhfuil breall ar lucht na claonbheartaíochta?Bíonn cneastacht agus dílse i ndán do lucht na scéimeanna córa.
23 Bíonn toradh ar gach saothar;níl de bharr cainte gan éifeacht ach an ghannchúis.
24 Coróin na ngaoismhear a ngaois,an bhaois a bhíonn mar chraobh ag na baotha.
25 Sábhálann finné fírinneach daoine ón mbás;is fealltóir an bréagaire.