21 Peacach an té ar beag leis a chomharsa;ach is méanar don té ar trua leis an bochtán.
22 Nach bhfuil breall ar lucht na claonbheartaíochta?Bíonn cneastacht agus dílse i ndán do lucht na scéimeanna córa.
23 Bíonn toradh ar gach saothar;níl de bharr cainte gan éifeacht ach an ghannchúis.
24 Coróin na ngaoismhear a ngaois,an bhaois a bhíonn mar chraobh ag na baotha.
25 Sábhálann finné fírinneach daoine ón mbás;is fealltóir an bréagaire.
26 Ábhar teann muiníne ag duine is ea eagla an Tiarna;beidh sé mar thearmann ag a chlann.
27 Foinse beatha is ea eagla an Tiarna,lena seachnaíonn duine gaistí an bháis.