23 Bíonn toradh ar gach saothar;níl de bharr cainte gan éifeacht ach an ghannchúis.
24 Coróin na ngaoismhear a ngaois,an bhaois a bhíonn mar chraobh ag na baotha.
25 Sábhálann finné fírinneach daoine ón mbás;is fealltóir an bréagaire.
26 Ábhar teann muiníne ag duine is ea eagla an Tiarna;beidh sé mar thearmann ag a chlann.
27 Foinse beatha is ea eagla an Tiarna,lena seachnaíonn duine gaistí an bháis.
28 Mathshlua daoine is glóir ag rí;bíonn flaith faon nuair a bhíonn sé gan daoine.
29 Is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge;is [measa ná baoth] an fear lasánta.