26 Ábhar teann muiníne ag duine is ea eagla an Tiarna;beidh sé mar thearmann ag a chlann.
27 Foinse beatha is ea eagla an Tiarna,lena seachnaíonn duine gaistí an bháis.
28 Mathshlua daoine is glóir ag rí;bíonn flaith faon nuair a bhíonn sé gan daoine.
29 Is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge;is [measa ná baoth] an fear lasánta.
30 Cuireann an croí socair anam san fheoil,ach creimeann an fhearg na cnámha.
31 Is masla dá chruthaitheoir luí ar an mbochtán;ach an té a bhíonn cineálta leis an mbocht, tugann sé onóir dó.
32 Scriosann a urchóid féin an coirpeach;ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.