4 Gan damh gan farae;le neart daimh tagann fómhar fial.
5 Ní insíonn finné fírinneach bréag;ach tagann éitheach ón bhfinné bréagach le gach anáil.
6 Bíonn sé fánach ag an scigire a bheith ag tóraíocht na heagna;tagann eolas go bog ar fhear na tuisceana.
7 Seachain comhluadar an amadáin,ach cloígh le beola críonna.
8 Sé is eagna leis an gcríonna, faire a choimeád ar a bhearta;cuireann baois na mbaoth daoine amú.
9 Déanann Dia fonóid faoi na hurchóidigh,ach bíonn a ghnaoi ar na fíréin.
10 Is eol don chroí a bhrón féin,agus ní bhíonn an strainséir páirteach ina lúcháir.