7 Seachain comhluadar an amadáin,ach cloígh le beola críonna.
8 Sé is eagna leis an gcríonna, faire a choimeád ar a bhearta;cuireann baois na mbaoth daoine amú.
9 Déanann Dia fonóid faoi na hurchóidigh,ach bíonn a ghnaoi ar na fíréin.
10 Is eol don chroí a bhrón féin,agus ní bhíonn an strainséir páirteach ina lúcháir.
11 Scriosfar teach an urchóidigh,ach beidh áitreabh an fhíréin faoi bhláth.
12 Tá cosán ann a shamhlaíonn díreach do dhuineach níl de chríoch air ach slí an bháis.
13 Sa gháire féin bíonn cumha chroí,agus sé an dobrón is críoch don lúcháir.