16 Is fearr an builín beag agus eagla an Tiarnaná an builín mór agus buairt dá réir.
17 Is fearr de bhéile luibheanna agus grá leoná mart méith agus gráin leis.
18 Adhnann an duine lasánta achrann,ach réitíonn an duine sochma aighneas.
19 Tá driseacha go tiubh ar chosán na leisceoirí,ach is ród réidh cosán [na ndícheallach].
20 Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair,ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair.
21 Is breá leis an bhfear gan chiall an bhaois,ach siúlann an fear tuisceanach ar an gcosán díreach.
22 Gan dea-chomhairle téann na pleananna amú,ach ritheann leo le cabhair mórán comhairleoirí.