18 Adhnann an duine lasánta achrann,ach réitíonn an duine sochma aighneas.
19 Tá driseacha go tiubh ar chosán na leisceoirí,ach is ród réidh cosán [na ndícheallach].
20 Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair,ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair.
21 Is breá leis an bhfear gan chiall an bhaois,ach siúlann an fear tuisceanach ar an gcosán díreach.
22 Gan dea-chomhairle téann na pleananna amú,ach ritheann leo le cabhair mórán comhairleoirí.
23 Gabhann áthas le freagra pras,agus nach maith é an focal i dtráth!
24 Seolann cosán an eagnaí in airde chun na beatha,agus seachnaíonn sé Seól laistíos.