26 Is gráin leis an Tiarna smaointe an choirpigh,ach is [gean leis] caint na neamhchiontach.
27 An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach;ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige.
28 Déanann an fíréan machnamh ina chroí [ar bhearta fónta],ach sníonn mailís as béal lucht na hurchóide.
29 Is fada é an Tiarna ó na hurchóidigh,ach tugann sé cluas d'urnaí an fhíréin.
30 Cuireann súilfhéachaint chineálta áthas ar an gcroí,agus cuireann dea-scéala neart sna cnámha.
31 An té a thugann cluas ghéar do cheartú folláin,beidh fáilte roimhe i gcomhluadar na saoithe.
32 An té a dhiúltaíonn don smacht, níl meas aige air féin;an té a éisteann le ceartú faigheann sé breis tuisceana.