6 Tá mórán maoine i dteach an fhíréin,ach leanann buairt cnuasach an choirpigh.
7 Scaipeann beola na saoithe eolas;ní mar sin le croí na n‑amadán.
8 Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh;is gean leis urnaí an fhíréin.
9 Is gráin leis an Tiarna bealach an urchóidigh,ach is gean leis an té a mbíonn tóir aige ar an bhfíréantacht.
10 Tá smachtú dian i ndán don té a thréigeann an cosán;an té ar fuath leis an ceartú, ní mhairfidh sé beo.
11 Tá Seól agus Abadón ar leathadh roimh an Tiarna,nach mó ná sin atá croíthe na ndaoine!
12 Ní maith leis an scigire é a cheartú,agus ní bhíonn caidreamh aige ar lucht na heagna.