1 Is fearr crústa tur agus síocháin,ná teach fleá agus ceannairc.
2 Sé an daor cliste an máistir nuair is drabhlásach é an mac;beidh sé i bpáirt leis na deartháireacha chun na hoidhreachta.
3 Don airgead an breogán, don ór an sorn;ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann.
4 Éisteann an t‑urchóideach le béal mailíseach,agus tugann an bréagaire aird ar theanga an bhéadáin.
5 Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht;an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós.
6 Sliocht a sleachta coróin na sean;a n‑athair glóir na clainne.