12 B'fhearr teacht ar bheithir a chaill a cuid coileánná ar amadán i mbun a bhaoise.
13 An té a thugann olc mar chúiteamh ar mhaith,ní dhíbreoidh sé an t‑olc óna theach.
14 Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile;buail cos air dá bhrí sin sula n‑adhntar an t‑achrann.
15 An ciontach a shaoradh nó an neamhchiontach a dhaoradh,is gráin leis an Tiarna iad araon.
16 Cén tairbhe airgead i láimh an amadáinle gaois a cheannach, agus é gan chiall?
17 Is cara cara i gcónaí,ach is d'uain na hainnise a shaolaítear deartháir.
18 An fear gan chiall tugann sé gillagus téann i mbannaí lena chomharsa.