15 An ciontach a shaoradh nó an neamhchiontach a dhaoradh,is gráin leis an Tiarna iad araon.
16 Cén tairbhe airgead i láimh an amadáinle gaois a cheannach, agus é gan chiall?
17 Is cara cara i gcónaí,ach is d'uain na hainnise a shaolaítear deartháir.
18 An fear gan chiall tugann sé gillagus téann i mbannaí lena chomharsa.
19 An té ar maith leis aighneas, is maith leis [buillí];fear na mbriathra uaille, bíonn sé ag suirí le drochíde.
20 Ní bhíonn sonas i ndán d'fhear an chroí chlaoin;titeann an tubaiste sa mhullach ar fhear na teanga fealltaí.
21 Cúis bhróin dá athair an baothán mic;níl lúcháir i ndán d'athair amadáin.