18 An fear gan chiall tugann sé gillagus téann i mbannaí lena chomharsa.
19 An té ar maith leis aighneas, is maith leis [buillí];fear na mbriathra uaille, bíonn sé ag suirí le drochíde.
20 Ní bhíonn sonas i ndán d'fhear an chroí chlaoin;titeann an tubaiste sa mhullach ar fhear na teanga fealltaí.
21 Cúis bhróin dá athair an baothán mic;níl lúcháir i ndán d'athair amadáin.
22 Oideas fónta an croí meidhreach;seirgeann na cnámha le heaspa misnigh.
23 Glacann an t‑urchóidí breab faoi scáth brait,leis an gcóir a chur dá treoir.
24 Cuireann an fear tuisceanach an eagna roimhe,ach sroicheann raon súl an amadáin go himill na cruinne.