10 Túr daingean ainm an Tiarna,ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.
11 A mhaoin is cathair thréan don saibhir;is balla ard í, dar leis.
12 Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios,ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir.
13 Baois agus náire is eafreagra a thabhairt gan éisteacht ar dtús.
14 Is féidir le meanma an duine breoiteacht a iompar,ach cé a d'fhéadfadh cur suas le heaspa misnigh?
15 Faigheann an aigne éirímiúil greim ar an eolas,agus bíonn cluas an eagnaí ar thóir an eolais.
16 Tuilleann bronntanas slí isteach do dhuine,agus tugann sé i láthair na bhflatha é.