3 Nuair a thagann an urchóid leanann drochmheas chomh maith;agus leanann an easonóir an masla.
4 Uiscí doimhne iad briathra an duine,tuile bhrúchtach, foinse eagna.
5 Ní maith é lé a bheith leis an urchóideach,ná an fíréan a fhágáil ar díth córa.
6 Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin,agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.
7 Scriosann béal an amadáin é féin,agus is gaiste dó a bheola.
8 Is geall le sóláis mhilse briathra an chúlchainteora,agus sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.
9 An té a bhíonn díomhaoin i mbun a ghnóthaí,is deartháir é don scriosadóir.