9 An té a bhíonn díomhaoin i mbun a ghnóthaí,is deartháir é don scriosadóir.
10 Túr daingean ainm an Tiarna,ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.
11 A mhaoin is cathair thréan don saibhir;is balla ard í, dar leis.
12 Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios,ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir.
13 Baois agus náire is eafreagra a thabhairt gan éisteacht ar dtús.
14 Is féidir le meanma an duine breoiteacht a iompar,ach cé a d'fhéadfadh cur suas le heaspa misnigh?
15 Faigheann an aigne éirímiúil greim ar an eolas,agus bíonn cluas an eagnaí ar thóir an eolais.