19 Ní fhilleann aon duine a théann ina treo,ní leagann siad cos arís ar chosáin na beatha.
20 Leanfaidh tú, más ea, cosán lucht na córa,agus cloífidh tú le bealaí na bhfíréan.
21 Óir beidh an mhuintir ionraic i seilbh na tíre,agus beidh sé mar bhaile ag an muintir neamhurchóideach.
22 Scriosfar na peacaigh de dhroim na talún,agus scuabfar lucht an fhill ar shiúl aisti.