4 Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead,má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe,
5 Tuigfidh tú ansin cad is eagla an Tiarna ann,agus cuirfidh tú aithne ar Dhia.
6 Óir is é an Tiarna féin a thugann an eagna,agus is as a bhéal a thagann an grinneolas agus an tuiscint.
7 Bíonn a eagna stuama in áirithe aige do na fíréin;is sciath é don mhuintir a chaitheann a saol go macánta.
8 Cosnaíonn sé cosáin na córa;cumhdaíonn sé bealach na ndaoine a bhíonn dílis dó.
9 Tuigfidh tú ansin an fhíréantacht agus an chóir,an ceart agus bealach na fíréantachta.
10 Nuair a thiocfaidh an eagna i do chroí isteach,agus gur geal le d'anam an t‑eolas,