7 Bíonn a eagna stuama in áirithe aige do na fíréin;is sciath é don mhuintir a chaitheann a saol go macánta.
8 Cosnaíonn sé cosáin na córa;cumhdaíonn sé bealach na ndaoine a bhíonn dílis dó.
9 Tuigfidh tú ansin an fhíréantacht agus an chóir,an ceart agus bealach na fíréantachta.
10 Nuair a thiocfaidh an eagna i do chroí isteach,agus gur geal le d'anam an t‑eolas,
11 Beidh an chríonnacht mar gharda ortagus an tuiscint i do chúram,
12 Le thú a chosaint ar shlí na hurchóide,agus ar lucht na claonteanga,
13 Ar an muintir a thréigeann cosáin na fíréantachtad'fhonn siúl ar bhealaí an dorchadais;