14 “Níl aon mhaith ann, níl sin,” a deir an ceannaíach imíonn sé leis agus é ag maíomh as féin.
15 Tá an t‑ór ann, agus raidhse cloch lómhar,ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.
16 Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir;bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.
17 Faigheann duine blas milis ar an mbia a fuarthas trí chalaois,ach is geall le grean ina bhéal é ina dhiaidh sin.
18 Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile;agus fear cath le treoir chiallmhar.
19 Déanann an cardálaí rúin a nochtadh;ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte.
20 Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair,múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.