1 Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce;iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.
2 D'fhéadfadh iompar duine bheith ceart ina shúile féin,ach meánn an Tiarna an croí.
3 An ceart is an chóir a dhéanamh,is taitneamhaí é sin leis an Tiarna ná íobairt ar bith.
4 Súile uaibhreacha agus croí díomasach,is lóchrann drochdhaoine iad agus níl iontu ach peaca.
5 Téann smaointe an duine dhícheallaigh chun sochair dó;an bhochtaine amháin is dán don luaithintinneach.
6 Gnothú maoine le teanga bhréagach,gal soip é agus baol báis.