11 Déantar saoi den daoi nuair a smachtaítear an tarcaisneoir;foghlaimíonn sé ceacht nuair a bhíonn an rath ar an bhfíréan.
12 Breathnaíonn an fíréan ar theach an drochdhuine,agus basctar na héagráifigh de dheasca a n‑urchóide.
13 An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáinnuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.
14 Cuireann tabhartas faoi choim fearg chun suain,agus múchann breab faoin mbrat an cuthach feirge.
15 Is lúcháir don fhíréan an ceart a chur i bhfeidhm,ach is uafás é do na hurchóidigh.
16 An té a théann ar fán ó chosán na tuisceana,ligfidh sé a scíth i gcomhluadar na scáileanna.
17 Beidh an mhuintir a bhfuil dúil acu sa só, gan mhaoin;agus an té atá tugtha don fhíon agus don ola ní bheidh sé saibhir.