19 Is fearr cur fút san fhásachná le báirseach cancrach mná.
20 Tá maoin luachmhar agus ola i dteach an duine chríonna,ach déanfaidh an t‑amadán é a alpadh.
21 An té a théann sa tóir ar an gcóir agus ar an gcineáltas,beidh idir bheatha agus chóir agus onóir aige.
22 Dhéanfadh an duine críonna dúnfort na ngaiscíoch a dhreapadh,agus an daingean as a mbíonn a muinín a scartadh.
23 An té a chuireann smacht ar a bhéal agus ar a theanga,seachnaíonn sé tubaiste.
24 Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais,agus bíonn éirí in airde ina iompar.
25 Is trúig bháis don leisceoir a ainmhian féin,mar ní áil lena lámha aon bheart a dhéanamh.