2 D'fhéadfadh iompar duine bheith ceart ina shúile féin,ach meánn an Tiarna an croí.
3 An ceart is an chóir a dhéanamh,is taitneamhaí é sin leis an Tiarna ná íobairt ar bith.
4 Súile uaibhreacha agus croí díomasach,is lóchrann drochdhaoine iad agus níl iontu ach peaca.
5 Téann smaointe an duine dhícheallaigh chun sochair dó;an bhochtaine amháin is dán don luaithintinneach.
6 Gnothú maoine le teanga bhréagach,gal soip é agus baol báis.
7 Déanfaidh foréigean na n‑urchóideach iad a scriosadh,mar nach áil leo an ceart a dhéanamh.
8 Is cam é casán an chiontaigh,ach is íon é iompar an duine ionraic.