6 Gnothú maoine le teanga bhréagach,gal soip é agus baol báis.
7 Déanfaidh foréigean na n‑urchóideach iad a scriosadh,mar nach áil leo an ceart a dhéanamh.
8 Is cam é casán an chiontaigh,ach is íon é iompar an duine ionraic.
9 Is fearr cur fút i gcúil sa lochta,ná bheith in aontíos le bean achrainn.
10 Tá dúil san olc i gcroí an drochdhuine;ní ghlacann sé trua dá chomharsana riamh.
11 Déantar saoi den daoi nuair a smachtaítear an tarcaisneoir;foghlaimíonn sé ceacht nuair a bhíonn an rath ar an bhfíréan.
12 Breathnaíonn an fíréan ar theach an drochdhuine,agus basctar na héagráifigh de dheasca a n‑urchóide.