15 A mhic, má tá do chroí-se ciallmhar,ansin beidh lúcháir ar mo chroí féin;
16 Beidh mé féin meidhreach meanmnachnuair a sceithfidh do bhéal briathra córa.
17 Ná bíodh do chroí in éad le peacaigh,ach bí go teann gach lá faoi eagla an Tiarna;
18 Óir tiocfaidh an lá amárach,agus ní rachaidh do dhóchas amú.
19 Éist liom, a mhic, agus bíodh ciall agat,agus stiúraigh do chroí i slí [na gaoise].
20 Ná taobhaigh lucht na síormheisce,ná craosairí gnáth na feola.
21 Óir lomann an pótaire is an craosaire iad féin,agus ní fhágann an mhíogarnach ach balcaisí ar dhroim duine.