24 Beidh lúcháir, ar ndóigh, ar athair an fhíréin;an té a ghineann mac ciallmhar, beidh áthas air dá bharr.
25 Gura tú ábhar lúcháire d'atharagus suáilceas na mná a d'iompair thú!
26 Tabhair dom do chroí, a mhic,agus bíodh do shúile ar mo chomhairle:
27 Cuithe domhain an striapach,agus tobar cúng í an bhean dheoranta.
28 Bíonn sí ag faire amach dála an bhithiúnaigh,agus is iomaí fear ar a mbuaileann sí bob.
29 Cé dó is mairg thar cách, cé dó is léan?cé dó is dán an t‑aighneas, agus an gearán?agus buillí ó gach taobh?agus scamall sa tsúil?
30 Do mhéiseálaithe fíonaa bhíonn ag tnúth de shíor le fíon dea-chumaisc.