28 Bíonn sí ag faire amach dála an bhithiúnaigh,agus is iomaí fear ar a mbuaileann sí bob.
29 Cé dó is mairg thar cách, cé dó is léan?cé dó is dán an t‑aighneas, agus an gearán?agus buillí ó gach taobh?agus scamall sa tsúil?
30 Do mhéiseálaithe fíonaa bhíonn ag tnúth de shíor le fíon dea-chumaisc.
31 Ná bí tógtha le fíon nuair is dearg é,nuair a bhíonn sé ag spréacharnach sa chorn,ná nuair a shníonn sé siar go socair.
32 Ar deireadh snapann sé mar a dhéanfadh nathair,agus tá cealg ann mar atá san nathair nimhe.
33 Feicfidh do shúile nithe aisteacha,agus tiocfaidh briathra earráideacha ó íochtar do chroí.
34 Beidh tú amhail duine ina chodladh i lár an aigéin,amhail duine ina shuan ar an stiúir.