5 Caith súil uirthi agus imeoidh sí léi,fásfaidh sciatháin uirthi,dála an iolair a eitlíonn chun na spéire.
6 Ná caith béile le duine gortachagus ná bíodh dúil agat ina shólais,
7 Ba gheall le [hanfa] ina scornach é agus le seirbhe ina chraos;“Bí ag ithe agus ag ól,” a deir sé leat, ach ní ó chroí é.
8 Déanfaidh tú cibé beagán a íosfaidh tú a aiseag,agus rachaidh do bhladar amú.
9 Ná cuir caint amú ar amadán,mar nach dtuigfidh sé ciall do ráite.
10 Ná haistrigh an chloch ársa theorann,agus ná déan bradaíocht ar thalamh dílleachtaí.
11 Óir is tréan é a bhfuasclóir,agus déanfaidh sé a gcúis a thagairt i d'aghaidh.