13 Ith mil, a mhic, mar is maith í;is milis le blaiseadh an mhil a shileann ón gcriathar.
14 Sé an dála céanna é ag eagna do d'anam, bíodh a fhios agat;má fhaigheann tú í, tiocfaidh an lá amárachagus ní rachaidh do dhóchas amú.
15 Ná cuir luíochán, a urchóidigh, ar áitreabh an fhíréin,agus ná déan a theach a chreachadh.
16 Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís;ach déanann an tubaiste na hurchóidigh a threascairt.
17 Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort;nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort,
18 Le heagla go bhfeicfeadh an Tiarna agus nach mbeadh sé sásta,agus go n‑iompódh sé a fhearg uaidh.
19 Ná cuireadh lucht an oilc caduaic ort,agus ná bí in éad le drochdhaoine.