17 Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort;nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort,
18 Le heagla go bhfeicfeadh an Tiarna agus nach mbeadh sé sásta,agus go n‑iompódh sé a fhearg uaidh.
19 Ná cuireadh lucht an oilc caduaic ort,agus ná bí in éad le drochdhaoine.
20 Óir níl aon ní i ndán don drochdhuineagus múchfar lóchrann an urchóidigh.
21 Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí,agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh.
22 Óir is tobann mar a bhladhmfaidh a ndíoltas,agus cé dó is eol an scrios a sheolfaidh siad araon?
23 Ráitis leis na saoithe iad seo inár ndiaidh chomh maith:Ní cóir é an leathchuma i mbreithiúnas.