19 Ná cuireadh lucht an oilc caduaic ort,agus ná bí in éad le drochdhaoine.
20 Óir níl aon ní i ndán don drochdhuineagus múchfar lóchrann an urchóidigh.
21 Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí,agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh.
22 Óir is tobann mar a bhladhmfaidh a ndíoltas,agus cé dó is eol an scrios a sheolfaidh siad araon?
23 Ráitis leis na saoithe iad seo inár ndiaidh chomh maith:Ní cóir é an leathchuma i mbreithiúnas.
24 An té a deir: “Tá tú neamhchiontach,” leis an gciontach,ní bheidh ach mallacht i ndán dó ó na ciníocha agus fuath ó na náisiúin.
25 Ach an mhuintir a cheartaíonn na hurchóidigh, beidh ábhar áthais acu,agus beidh beannacht orthu.