22 Óir is tobann mar a bhladhmfaidh a ndíoltas,agus cé dó is eol an scrios a sheolfaidh siad araon?
23 Ráitis leis na saoithe iad seo inár ndiaidh chomh maith:Ní cóir é an leathchuma i mbreithiúnas.
24 An té a deir: “Tá tú neamhchiontach,” leis an gciontach,ní bheidh ach mallacht i ndán dó ó na ciníocha agus fuath ó na náisiúin.
25 Ach an mhuintir a cheartaíonn na hurchóidigh, beidh ábhar áthais acu,agus beidh beannacht orthu.
26 An té a thugann freagra ionraic,pógann sé do bheola, geall leis.
27 Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán,agus déan do phrapáil ar an machaire;imigh leat ansin agus tóg do theach.
28 Ná tabhair fianaise in aghaidh do chomharsan gan ábhar,agus ná meall daoine le briathra do bhéil.