24 An té a deir: “Tá tú neamhchiontach,” leis an gciontach,ní bheidh ach mallacht i ndán dó ó na ciníocha agus fuath ó na náisiúin.
25 Ach an mhuintir a cheartaíonn na hurchóidigh, beidh ábhar áthais acu,agus beidh beannacht orthu.
26 An té a thugann freagra ionraic,pógann sé do bheola, geall leis.
27 Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán,agus déan do phrapáil ar an machaire;imigh leat ansin agus tóg do theach.
28 Ná tabhair fianaise in aghaidh do chomharsan gan ábhar,agus ná meall daoine le briathra do bhéil.
29 Ná habair: “Tabharfaidh mé an cor céanna airsean agus a thug seisean ormsa;déanfaidh mé an cúiteamh is dual dóibh le cách.”
30 Ghabh mé thar ghort an leisceora,agus thar fhíonghort an duine gan chiall.