6 Dea-threoir a bhuann cath,agus is le meitheal chomhairleoirí an chaithréim.
7 Tá an eagna ró-ard don amadánagus ní bhíonn smid as ag geata na cathrach.
8 An té atá ag beartú an oilc,tabharfar fear clampair air.
9 Níl ach an peaca á thaibhreamh do na hamadáin;is gráin le daoine an scigire.
10 Má chailleann tú do mhisneach,ní bheidh ach laige i do neart i lá na hanachana.
11 Fuascail an mhuintir atá á seoladh chun báis;tarrthaigh an mhuintir atá á mbreith chun a mbásaithe.
12 Má deir tú: “Ach féach, ní raibh a fhios againn,”an amhlaidh atá an té a mheánn an croí gan tuiscint,agus an té a bhreithníonn an t‑anam gan eolas?déanfaidh sé an t‑aisíoc is dual do bhearta duine.