3 Lasc don each, srian don asalagus bata do dhroim na n‑amadán.
4 Ná tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise,le heagla go rachfá i gcosúlacht leis.
5 Tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoisele heagla go measfadh sé go raibh aige gaois.
6 An té a chuireann amadán ar theachtaireacht,(gearrann sé na cosa de féin agus) ólann sé deoch shearbh.
7 Chomh guagach le cosa an bhacaigh ar sileadh leis gan tairbhe,sin mar atá seanfhocal i mbéal na n‑amadán.
8 Is cuma nó cloch a cheangal go teann de chranntabhaill,onóir a thabhairt d'amadán.
9 Is cuma nó tor droighin i láimh an mheisceoraseanfhocal i mbéal amadán.