13 Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir,bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.
14 An té a chuirfidh a bheannacht os ard ar a chomharsa i mochóirí na maidine,áireofar é a bheith ag mallachtú.
15 Is cuma nó sconna ar sileadh gan staonadh lá baistí,báirseoir mná;
16 Is geall le bheith ag smachtú na gaoithe,nó ag fáil greim deasóige ar an ola, bheith ag iarraidh í a chosc.
17 Iarann a chuireann faobhar ar iarann;agus cuireann fear faobhar ar fhear eile.
18 An té a shaothraíonn an crann fígí, íosfaidh sé a thoradh;an té a thugann aire dá mháistir, tabharfar onóir dó.
19 [Faoi mar nach ionann ceannaithe aon bheirte],ní ionann croíthe na ndaoine.