22 Brúigh an t‑amadán sa mhoirtéar le tuairgnín,(fara grán meilte) ach ní scarfaidh a bhaois leis.
23 Bíodh staid do thréada ar eolas agat go maith,agus tabhair aire mhaith do do tháinte.
24 Ní buan maoin,agus an maireann saibhreas ó aois go haois?
25 Nuair a imeoidh an féar, go dtiocfaidh an t‑athfhás,agus go mbailítear an foráiste ón sliabh,
26 Ní foláir go soláthróidh na huain brat duit,agus na gabhair cíos do ghort,
27 Agus bainne na ngabhar do sháith bia do do theaghlach,agus beatha do do bhanseirbhísigh.